Romans 14:11 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír atá sgríobhtha, Mairimse, a deir an Tighearna, agus sléachdfuidh gach uile ghlún damh, agus do dhéana gach uile theangaidh admháil do Dhía.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Mar tá scríobhtha, Mar mhairim‐se, adeir an Tighearna, feacfaidh gach uile ghlún rómham, Agus do‐bhéarfaidh gach uile theanga moladh do Dhia.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar tá sé scríofa, “Mar a mhairim, deir an Tiarna, níl glúin nach bhfeac-faidh romham, ná teanga nach dtabharfaidh a dhíol molta do Dhia.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
mar tá scríofa: «Dar mo bheo,» a deir an Tiarna, «ach go bhfeacfar gach glúin os mo chomhair agus déanfaidh gach teanga admháil do Dhia.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
mar tá scríofa: “Dar mo bheo,” deir an Tiarna, “ach go bhfeacfar gach glúin os mo chomhair agus déanfaidh gach teanga admháil do Dhia.”