Romans 14:13 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin ná bímid ní sa mhó ag breith bhreithe ar a chéile: achd go madh mó dhéanus sibh bréitheamhnus air so, eadhon gan adhbhar oilbhéime na tuitme do thabhairt da bhur ndearbhrathair.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Uime sin ná bímís ag breith breithe ar a chéile a thuilleadh; acht ’n‐a ionad sin tabhraidh aire gan ceap tuislidh, ná adhbhar tuitme do chur i mbealach bhur mbráthar.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar sin de ná tugaimis daorbhreith ar a chéile a thuilleadh, ach ina ionad sin go mba é rún ár n-intinne gan aon toirmeasc ná ceap tuisle a fhágáil sa chosán roimh ár mbráthair.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Éirímis as bheith ag tabhairt breithe ar a chéile feasta más ea agus ina ionad sin cuirigí an méid seo romhaibh: gan ceap tuisle ná titime a chur sa bhealach ar bhráthair.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Éirímis as a bheith ag tabhairt breithe ar a chéile feasta más ea agus ina ionad sin cuirigí an méid seo romhaibh: gan ceap tuisle ná titime a chur sa bhealach ar bhráthair.