Romans 14:2 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Creididh neach gur féidir gach uile bhíadh díthe: agus ithidh neach eile, bhíos éugcruáidh, luibheanna.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Creideann duine áirithe gur dleaghthach an uile bhiadh d’ithe: acht an duine atá lag, ní itheann sé acht luibheanna.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tá fear ann a chreideas gur ceadmhach dó a rogha rud a ithe, ach an duine lag ní itheann sé ach luibheanna.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Creideann duine amháin nach miste dó gach sórt bia a ithe, ach an duine atá lag sa chreideamh ní itheann sé ach glasraí.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Creideann duine amháin nach miste dó gach sórt bia a ithe, ach an duine atá lag sa chreideamh ní itheann sé ach glasraí.