Romans 14:20 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ná cuir amúgha obair Dé ar son bidh. Go deimhin atá a nuile bhiadh glan; achd teid a ndochar don tí itheas maille ré hoilbhéim.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ná cuir obair Dé amugha mar gheall ar bhiadh. Is fíor go bhfuil an uile nidh glan, acht is olc do’n duine an nidh itheas sé bheith ’n‐a adhbhar tuislidh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ná scriosaigí saothar Dé mar mhaithe le bolgam bia. Ar ndóigh tá gach uile ní glan, ach is míchóir duit ní a ithe a thabharfadh ar dhuine eile titim as a sheasamh;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ná cuirse obair Dé ar ceal mar gheall ar chúrsaí bia. Tá gach cineál bia glan ann féin ach is olc an mhaise é don duine a mbíonn a n-itheann sé ina chúis tuisle do dhuine eile.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ná cuir-se obair Dé ar ceal mar gheall ar chúrsaí bia. Tá gach cineál bia glan ann féin ach is olc an mhaise é don duine a mbíonn a n-itheann sé ina chúis tuisle do dhuine eile.