Romans 14:5 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Bí cion ag neach ar lá tar lá eile: agus bí cion ag neach eile ar gach lá mar a chéile. Bíodh gach éunduine laindearbhtha ann a inntinn féin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Bíonn meas ag duine áirithe ar lá seachas a chéile: measann duine eile gur mar a chéile gach uile lá. Bíodh gach duine lán‐dearbhtha ’n‐a intinn féin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bíonn fear amháin ann a mheasas gur fearr lá ná a chéile, agus measann fear eile go mbíonn na laethanta uile mar an gcéanna. Caithfidh gach duine acu bheith lán dearfa ina intinn féin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bíonn duine ann agus is rogha leis lá seachas a chéile; duine eile agus is mar a chéile leis gach aon lá. Bíodh gach duine socair faoin gceist ina aigne féin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bíonn duine ann agus is rogha leis lá seachas a chéile; duine eile agus is mar a chéile leis gach aon lá. Bíodh gach duine socair faoin gceist ina aigne féin.