Romans 14:6 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
An tí chongmhas an lá, as don Tighearna chongmhas sé é; agus an tí nach ccongmhann an lá, as don Tighearna nach ccongmhann sé é. An té itheas, as don Tighearna itheas sé óir beiridh sé buidheachus ré Día; agus an té nách itheann, as don Tighearna nach ithean sé, agus beiridh a bhuidhe ré Día.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
An té bhreathnuigheas an lá, is ar son an Tighearna do‐ghní sé é; agus an té itheas, is ar son an Tighearna itheas sé, mar bheireann sé buidheachas do Dia; agus an té nach n‐itheann, is ar son an Tighearna nach n‐itheann, agus bheireann seisean buidheachas do Dhia.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
An té a cheiliúras an lá, is in onóir an Tiarna a cheiliúras sé é. Agus an té a itheas, is in onóir an Tiarna a itheas sé, ó altaíonn sé le Dia é; agus an té a dhéanas tréanas, déanann sé a thréanas in onóir an Tiarna agus beireann sé buíochas le Dia.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An fear a dhéanann lá áirithe a chomóradh, is chun onóra Dé a dhéanann sé é. Agus an fear a chaitheann cineál áirithe bia is chun onóra Dé a chaitheann sé é agus is do Dhia a altaíonn sé. Agus an fear a staonann ó bhia áirithe is chun onóra Dé a staonann sé uaidh, agus is do Dhia a altaíonn seisean chomh maith.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)