Romans 15:14 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dhearbhráithreacha, as dearbh leamsa féin bhir dtáobhsa, go bhfuilti lán do mhaith, ar mbeith dháoibh líonta do ghach uile éolas, agus go dtig dháoibh fós a chéile do theagusg.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Atáim féin dearbhtha ’n‐bhur dtaobh‐sa, a bhráithre, go bhfuil sibh féin lán de mhaitheas, agus go bhfuil sibh líonta de gach eolas, agus go bhfuil ar chumas daoibh teagasc do thabhairt d’á chéile.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Maidir libhse, a bhráithre, tá mise mé féin lánsásta i mʼintinn, ós cinnte go bhfuil sibh lán den mhaith, agus líonta den uile eolas, agus cumas maith agaibh le teagasc a thabhairt dá chéile.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
I dtaca libhse, a bhráithre liom, táim féin cinnte go bhfuil sibh lán de dhea-chroí agus go bhfuil fuílleach eolais den uile shórt agaibh agus gur féidir libh comhairle a thabhairt dá chéile.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
I dtaca libh-se, a bhráithre liom, táim féin cinnte go bhfuil sibh lán de dhea-chroí agus go bhfuil fuílleach eolais den uile shórt agaibh agus gur féidir libh comhairle a thabhairt dá chéile.