Romans 15:16 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ionnus go mbéinn am óglach ag Iósa Críosd a measg na Gcineadhach, ag miniosdralachd soisgéil Dé, do chum go mbeith gean ar ofrail na Gcineadhach, ar mbeith dhi náomhtha trés an Spiorad Náomh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
an grás ó Dhia tugadh dhom, go mbéinn im’ mhinistir ag Íosa Críost chum na gCineadhach, ag miniostrálacht soiscéil Dé, chum go mbéadh na Cineadhaigh ’n‐a n‐íodhbairt thaithneamhaigh, agus naomhuighthe thríd an Spiorad Naomh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
chun bheith ag freastal ar na Gintlithe i seirbhís shagartach shoiscéal Dé, le híobairt inghafa a dhéanamh do na Ginththe, agus iad á naomhú tríd an Spiorad Naomh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
bheith i mo mhinistir ag Íosa Críost chun na ngintlithe agus dea-scéal Dé mar chúram sagartúil orm chun go mbeadh na gintlithe ina n-íobairt thaitneamhach dó agus iad coisricthe ag an Spiorad Naomh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
a bheith i mo mhinistir ag Íosa Críost chun na ngintlithe agus dea-scéal Dé mar chúram sagartúil orm chun go mbeadh na gintlithe ina n-íobairt thaitneamhach dó agus iad coisricthe ag an Spiorad Naomh.