Romans 15:19 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Maille ré cúmhachd chómharthadh agus mhíorbhuileadh, tré neart Spioraide Dé; ionnus gur chóimhlíon mé soisgéil Chríosd, ó Ierusalem, agus na timcheall go soithe Illiricum.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
tré bhrigh an Spioraid Naoimh; ar chuma gur chraobhscaoileas soiscéal Chríost ’n‐a iomláine ó Iarúsalem, agus thart ’n‐a thimcheall chómh fada le h‐Illiricum;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
le cumhacht na gcomharthaí agus na n-iontas, le cumhacht an Spioraid Naoimh, lenar fhéad mé soiscéal Chríost a fhoilsiú go huile is go hiomlán amach as Iarúsailéim agus thart suas chomh fada le hllliricum,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
le neart comharthaí agus éachtaí agus le cumhacht an Spioraid Naoimh. Dá réir sin tá dea-scéal Chríost craobhscaoilte go forleathan agam ó Iarúsailéim amach agus mórthimpeall chomh fada le hIlliriocum.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
le neart comharthaí agus éachtaí agus le cumhacht an Spioraid Naoimh. Dá réir sin tá dea-scéal Chríost craobhscaoilte go forleathan agam ó Iarúsailéim amach agus mór-thimpeall chomh fada le hIllireacam.