Romans 15:24 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
An ran thríallfus mé don Sbáinn, tiocfadh mé chugaibh: óir atá súil agum ré sibhse dfaicsin ag gabhail seacha dhíbh, agus sibhse do theachd riom dom sheóladh don nionad sin, achd go raibh mé saitheach a gcáíl da bhur gcuideachdasa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
nuair bhéidhead ag triall ar an Spáinn (óir atá súil agam go bhfeicfead ar an mbealach dom sibh, agus go seolfaidh sibh ar aghaidh mé, tar a éis dom mo shásamh le tamall ’n‐bhur gcuideachtain) —
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
tá sé de dhóchas agam go bhfaighe mé amharc oraibh ar mo bhealach chun na Spáinne, agus go gcuire sibh ar aghaidh mé ar mʼaistear, i ndiaidh tamall suilt a bhaint as bhur gcuideachta.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
nuair a bheidh mé ag dul chun na Spáinne, tá súil agam go bhfeicfidh mé sibh agus mé ar mo bhealach anonn, agus go ndéanfaidh sibhse mé a thionlacan ar aghaidh ann, tar éis dom tamall aoibhnis a thabhairt in bhur gcuideachta ar dtús.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
nuair a bheidh mé ag dul chun na Spáinne, tá súil agam go bhfeicfidh mé sibh agus mé ar mo bhealach anonn, agus go ndéanfaidh sibh-se mé a thionlacan ar aghaidh ann, tar éis dom tamall aoibhnis a thabhairt in bhur gcuideachta ar dtús.