Romans 15:27 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oir bá rothoil ríu é; agus atáid siádsan na bhféitheamhnuibh aca. Oír má roinneadh ris na Cineadhachaibh a neithe sbioradáltasan, atá dfiachaibh orrthasan mar an gcéudna miniosdrálachd do dhéanamh dhóibhsion sna neithibh bheanus ris an gcolainn.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Do bhí fonn mór ortha é sin do dhéanamh, mar bhíodar i bhfiachaibh aca. Óir má bhí na Cineadhaigh rannpháirteach leo i neithibh spioradálta, ba cheart dóibh cabhrú leo i neithibh saoghalta.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
thoiligh siad a dhéanamh, agus tá sé mar fhiacha acu orthu, mar más rud é go roinneann siad a sochair spioradálta leis na Gintlithe, ba cheart dóibh siúd a sochair chorpartha a roinnt leo.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach má tá go ndearna siad, is iad féin atá faoi chomaoin acusan. Mar, má fuair na gintlithe a gcion de mhaoin spioradálta na nGiúdach, ba chóir dóibh fónamh dóibhsean lena maoin shaolta.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach má tá go ndearna siad, is iad féin atá faoi chomaoin acu-san. Mar, má fuair na gintlithe a gcion de mhaoin spioradálta na nGiúdach, ba chóir dóibh fónamh dóibh-sean lena maoin shaolta.