Romans 15:28 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin ar na chríochnughadh so dhamh, agus ar gcur shéila dhamh ar an toradhsa dhóibh, géubhaidh mé ré bhur dtáobhsa don Sbainn.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Mar sin de, chómh luath is bhéas sin déanta agam, agus na bronntanais sin tabhartha agam dóibh, tiocfaidh mé chugaibh san tslighe dhom fá dhéin na Spáinne.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar sin nuair a bhíonn an méid sin déanta agam, agus an méid a bailíodh seachadta agam dóibh, rachaidh mé tríbh ar mo bhealach chun na Spáinne;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chomh luath agus a bheidh an gnó seo curtha i gcrích agam, agus an fáltas seo seachadta slán faoi shéala dóibh, cuirfidh mé chun siúil bhur mbealachsa go dtí an Spáinn
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Chomh luath agus a bheidh an gnó seo curtha i gcríoch agam, agus an fáltas seo seachadta slán faoi shéala dóibh, cuirfidh mé chun siúil bhur mbealachsa go dtí an Spáinn