Romans 16:17 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus íarruim dathchuinge oruibh, a dhearbhráithreach, géurchoimhéud do dhéunamh dháóibh ar an muinntir thógbhus siosma agus is ciontach ré hoilbheim do thabhairt úatha contrarrdha don teagasg do fhoghluim sibh; agus seachnaidh íad.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Anois, a bhráithre, impidhim oraibh bheith ar bhur gcosaint ar an dream do‐ghní siosmaí agus scannail i n‐aghaidh an teagaisc atá foghlamtha agaibh; agus druididh uatha.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Iarraim dʼimpí oraibh, a bhráithre, bheith ar bhur n-aire ar an dream úd a bhíos ina gcúis le haighneas agus le clampar, atá bunoscionn leis an teagasc a cuireadh romhaibh; fanaigí amach uathu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Achainím oraibh, a bhráithre, súil a choimeád orthu sin a adhnann achrainn agus a dhéanann deacrachtaí in éadan an teagaisc a múineadh daoibh. Seachnaígí iad,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Achainím oraibh, a bhráithre, súil a choimeád orthu sin a adhnann achrainn agus a dhéanann deacrachtaí in éadan an teagaisc a múineadh daoibh. Seachnaígí iad,