Romans 16:26 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd a nois atá ar na nochdadh, agus ar na fhoillsiughadh do na huile chineadhachaibh, tré sgríoptúraibh na bhfáidheagh, do réir aithne Dé bhiothbhúain, chum úmhlachda an chreideimh:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
acht atá d’á nochtadh anois, agus d’á cur i dtuigsin do’n uile chineadh tré scrioptúiribh na bhfáidh, do réir aithne an Dé shíorraidhe, chum go mbéidís umhal do’n chreideamh;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ach a bhíos anois á léimochtadh agus á fhoilsiú trí scríbhinní na bhfáithe do na náisiúin uile, de réir aithne Dé na síoraiochta, le humhlaíocht an chreidimh a thabhairt chun gnímh—
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
ach atá nochta anois agus curtha in iúl, ar ordú an Dé shíoraí le cabhair scríbhinní na bhfáithe, do na náisiúin uile d' fhonn iad a thabhairt chun géillsine an chreidimh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
ach atá nochta anois agus curtha in iúl, ar ordú an Dé shíoraí le cabhair scríbhinní na bhfáithe, do na náisiúin uile dʼfhonn iad a thabhairt chun géillsine an chreidimh.