Romans 2:1 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharin ní héidir do leisgél a ghabháil, a dhuine, gidh bé ar bith thú dhamnuigheas duine eile, oir ann sa ní a ndáorann tú neach eile, dáoradh tú thú féin; óir thusa dháorus duine eile do ní tú na neithe céadna.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’á bhrigh sin atáir gan leithscéal, a dhuine, cibé cia thú, do‐bheir breith: óir ag breith breithe ar dhuine eile dhuit, daorann tú thú féin; mar tusa do‐bheir breith, cleachtann tú na neithe céadna sin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ar an ábhar sin, a dhuine úd, a thugas breith ar dhuine eile, ní inleithscéil tú; óir nuair a dhaorann tú eisean daorann tú thú féin, mar bíonn na nithe céanna sin á ndéanamh agatsa agus tú i do bhreitheamh air.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ar an ábhar sin níl aon leithscéal agatsa, a dhuine, is cuma cé tú, má thugann tú breith ar dhaoine eile, mar ag tabhairt breithe ar an bhfear thall duit, is tú féin atá do do dhaoradh agat, de bhrí go ndéanann tú féin, an breitheamh, na nithe céanna.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ar an ábhar sin níl aon leithscéal agat-sa, a dhuine, is cuma cé thú féin, má thugann tú breith ar dhaoine eile, mar ag tabhairt breithe ar an bhfear thall duit, is tú féin atá tú a dhaoradh, de bhrí go ndéanann tú féin, an breitheamh, na nithe céanna.