Romans 2:7 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Eadhon don druing iarrus tré fhoighid na deaghoibre glóir agus onóir agus neamhthruáilleadh, an bheatha mharrthanach:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
an bheatha shíorraidhe do’n dream loirgeas glóir agus onóir agus do‐mharbhthacht, ag leanmhaint go foighdeach do dheagh‐ghníomharthaibh:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
an dream a bhíos go foighneach ag iarraidh glóire agus onóra agus do-mharfachta lena ndea-oibreacha, tabharfaidh sé an bheatha shíoraí dóibh;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An mhuintir a mbíonn lorg acu ar ghlóir agus onóir agus marthanacht trí shíorleanúint den dea-obair, tabharfaidh sé dóibh beatha shíoraí;
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An mhuintir a mbíonn lorg acu ar ghlóir agus ar onóir agus ar mharthanacht trí shíorleanúint den dea-obair, tabharfaidh sé dóibh beatha shíoraí;