Romans 3:19 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus atá a fhios aguinne gidh bé ar bith neithe a deir an dligheadh, gur ris a ndreim atá fán dligheadh labhrus sé: ionnus go dtochdfuidh gach uile bhéul, agus go mbeith an domhan uile cionntach do breitheamhnus Dé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Anois, atá a fhios againn, cibé nidh adeir an dlighe, gur leis an dream atá fá’n dlighe adeir sí é; chum go ndúntar gach béal agus go dtugtar an domhan uile fá bhreitheamhnas Dé:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is feasach dúinn anois an méid a deir an dlí go ndeir sé é leis an dream sin atá faoin dlí, ionas go gcuirtear gach béal ina thost, agus go mbeidh an domhan ar fad freagrach do Dhia.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Mar is eol dúinn, gach a ndeir an dlí is leo sin atá faoi réir an dlí a deir sé é, chun go gcuirfí gach béal ina thost agus go mbeadh an domhan go léir freagrach do Dhia.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Mar is eol dúinn, gach a ndeir an dlí is leo sin atá faoi réir an dlí a deir sé é, chun go gcuirfear gach béal ina thost agus go mbeidh an domhan go léir freagrach do Dhia.