Romans 3:27 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin cáit a bhfuil an mhórdhháil? Atá sí ar na cur amach. Cía an dligheadh? an tré dhligheadh na noibreacha? Ní headh, achd tré dhligheadh an chredimh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Cia an t‐adhbhar maoidhmheachais atá ann, mar sin? Ní fhuil sé ceaduighthe. Ag cia an dlighe? Ag dlighe na h‐oibreach, an eadh? Ní h‐eadh, acht ag dlighe an chreidimh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Cá bhfuil ábhar ár maíte mar sin? Is é mo fhreagra nach bhfuil slí dó ann. Cad é a chuirtear i bhfáth? An oibreacha? Ní hamhlaidh, is é an creideamh a chuirtear i bhfáth.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Cá bhfuil do chuid mórála, mar sin? Tá an doras dúnta uirthi. Agus cad é an saghas dlí a dhún an doras uirthi? Dlí na n-oibreacha an ea? Ní hea go deimhin, ach dlí an chreidimh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Cá bhfuil do chuid mórála, mar sin? Tá an doras dúnta uirthi. Agus cad é an saghas dlí a dhún an doras uirthi? Dlí na n-oibreacha an ea? Ní hea go deimhin, ach dlí an chreidimh.