Romans 3:4 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Nár léige Día sin: achd, bíodh Día fírinneach, agus gach uile dhuine bréugach; mar atá sgríobhtha, Ar chor go sáorfuidhe thú ad bhríathruibh, agus go mbeartha buáidh an tan bheireas tú breith.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Nár leigidh Dia sin: go n‐aithnightear Dia bheith fírinneach, acht an uile dhuine bheith bréagach; mar atá scríobhtha, Chum go bhfoillseochaidhe thú bheith ionnraic id’ bhriathraibh, Agus go mbuadhfá nuair béarfar breith ort.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Go mba slán gach samhail! Bíodh Dia fíor siúd is go mbíonn gach duine bréagach, mar atá scríofa, “Ionas go bhfíréanófar thú i do bhriathra, agus go bhfaighe tú bua nuair a chuirtear breithiúnas ort.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Go deimhin ní chuirfidh. Caithfidh Dia a bheith fíor más fealltóir féin gach uile dhuine, de réir mar atá scríofa: «Ionas go bhfógrófaí fíor thú i do bhriathra agus go mbeadh an bua leat i do chúis.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Go deimhin ní chuirfidh. Caithfidh Dia a bheith fíor más fealltóir féin gach uile dhuine, de réir mar atá scríofa: “Ionas go bhfógrófaí fíor thú i do bhriathra agus go mbeadh an bua leat i do chúis.”