Romans 3:5 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd má neartuigheann ar néagcóirne cóir De, créd a déaram? An bhfuil Día éagcórach do ní dioghaltus? (mar dhuine labhruim.)
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht má nochtann ár n‐éagcóir fíréantacht Dé, créad adéarfaimíd? An bhfuil Dia éagcórach, ag éirghe chum feirge dhó? (ag labhairt ar nós na ndaoine atáim).
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach más rud é go mbíonn ár gcoirpeacht ag nochtadh cheart Dé, cad é a déarfaimid? An ndéarfaimid nár cheart do Dhia a fhíoch a imirt orainn? (Ní labhraím ach ar nós duine.)
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach má dhéanann ár gcuid urchóide fíréantacht Dé a léiriú, cad a déarfaimid? An bhfuil Dia éagórach má agraíonn sé a chuid feirge orainn? i dtéarmaí an duine atáim ag caint.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach má dhéanann ár gcuid urchóide fíréantacht Dé a léiriú, cad a déarfaimid? An bhfuil Dia éagórach má agraíonn sé a chuid feirge orainn? (i dtéarmaí an duine atáim ag caint).