Romans 4:11 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do ghlac sé comhartha an timchillghearrtha, séula fíréantachda an chreidimh do bhí aige an sa neamhthimcheallghearradh: ionnus go mbeith sé na athair ag gach áon do chreidfeadh san neamhthimchillghearradh; do chum go measfuidhe fíréantachd dhóibhsean mar an gcéudna:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus fuair sé cómhartha an timcheall‐ghearrtha, séala firéantachta an chreidimh do bhí aige an tráth ’n‐a raibh sé gan timcheall‐ghearradh: chum go mbéadh sé ’n‐a athair do na daoinibh chreideas, gidh go bhfuilid gan timcheall‐ghearradh, chum go n‐áirmhfidhe fíréantacht dóibh;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Fuair sé an timpeallghearradh mar chomhartha nó mar shéala ar an gcreideamh sin a bhí aige roimh ré nuair a bhí sé fós gan bheith timpeallghearrtha. Ba é an chúis a bhí leis, le é bheith ina athair don dream sin a chreideas agus dá meastar an fhíréantacht siúd is nár timpeallghearradh iad,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
mar is amhlaidh a fuair sé comhartha an timpeallghearrtha mar shéala ar an bhfíréantacht a bhí aige de bharr a chreidimh sular timpeallghearradh é. Is sinsear é, mar sin, do na daoine neamhthimpeallghearrtha go léir a bhfuil creideamh acu agus ag a n-áirítear an fhíréantacht dá bharr;
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
mar is amhlaidh a fuair sé comhartha an timpeallghearrtha mar shéala ar an bhfíréantacht a bhí aige de bharr a chreidimh sular timpeall-ghearradh é. Is sinsear é, mar sin, do na daoine neamh-thimpeallghearrtha go léir a bhfuil creideamh acu agus ag a n-áirítear an fhíréantacht dá bharr;