Romans 4:12 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus na athair an timchillgearrtha ní hé amháin don dreim atá don timchillghearradh, achd mar an gcéudna don dreim leanas lurg chreidimh ar nathar Abraham, noch do bhí aige ann sa neamhthimchillghearradh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus ’n‐a athair do lucht an timcheall‐ghearrtha, toisc nach é amháin gur timcheall‐ghearradh iad, acht go leanann siad lorg an chreidimh do bhi ag ár n‐athair Abracham an tráth ’n‐a raibh sé gan timcheall‐ghearradh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus ina athair mar an gcéanna don dream sin a bhíos ní hamháin timpeallghearrtha ach a leanas eiseamláir an chreidimh sin a bhí ag ár sinsear Abracham roimh a thimpeallghearradh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus is sinsear chomh maith é don mhuintir atá timpeallghearrtha ach nach timpeallghearrtha amháin atá siad ach go leanann siad ina theanntasan lorg an chreidimh a bhí ag ár sinsear Abrahám sul ar timpeallghearradh é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus is sinsear chomh maith é don mhuintir atá timpeallghearrtha ach nach timpeallghearrtha amháin atá siad ach go leanann siad ina theanntasan lorg an chreidimh a bhí ag ár sinsear Abrahám sul ar timpeall-ghearradh é.