Romans 4:16 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin is ó chreideamh, ata a noidhreachd, ionnus go mbíadh si tré ghrasuibh; chum na geallamhna do bheith diongmhála don tsíol uile; ní hé amháin don chuid atá don dligheadh, achd mar an gcéudna don chuid atá do chreideamh Abraham; atá na athair aguinne uile.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’á bhrigh sin is ó chreideamh atá an oidhreacht, chum go mbéadh sí do réir grása: chum go mbéadh an geallamhain diongbhálta do’n tsliocht uile: ní h‐é amháin do na daoinibh atá fá’n dlighe, acht do’n dream sin, leis, go bhfuil an creideamh céadna aca agus bhí ag Abracham, atá ’n‐a athair againn go léir,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ar an ábhar sin, bíonn an gealltanas ag brath ar an gcreideamh, ar nós go rachaidh sé i muinín an ghrásta agus go ndaingnítear é dá shliocht uile—ní hamháin do lucht leanúna an dlí ach don dream a mbíonn an creideamh céanna sin acu a bhí ag Abracham, ós é is athair againn uile go léir,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is ó chreideamh é dá bhrí sin, ionas go mbeadh an gealltanas le fáil saor in aisce, agus go mbeadh éifeacht aige do shliocht iomlán Abrahám, ní amháin don chuid sin atá i dtaobh leis an dlí ach fós don chuid atá i dtaobh le creideamh Abrahám, an té is athair dúinn go léir
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is ó chreideamh é dá bhrí sin, ionas go mbeadh an gealltanas le fáil saor in aisce, agus go mbeadh éifeacht aige do shliocht iomlán Abrahám, ní hamháin don chuid sin atá i dtaobh leis an dlí ach fós don chuid atá i dtaobh le creideamh Abrahám, an té is athair dúinn go léir