Romans 4:17 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
(Mar atá sgríobhtha, Do órduigh mé thú ad athair do chineadhachuibh iomdha,) a bhfíadhnuisi Dé, dar chreid sé, noch a bhéodhuigheas na mairbh, agus ghoireas na neithe nach bhfuil amhail as do bheidis ann.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
(mar atá scríobhtha, Do‐rinneas athair d’á lán cineadh dhíot), i bhfiadhnaise an té ’n‐ar chreid sé, Dia, do‐bheir beatha do na marbhaibh, agus ghlaodhas ar na neithibh nach bhfuil ann fá mar bhéadh siad ann.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
de réir an ní atá scríofa, “Tá athair déanta agam díot ar mhórán náisiún”—a fhianaise sin ar an Dia ar chreid sé ann, an Dia a dhéanann na mairbh beo agus a ghlaonn na nithe nach bhfuil ann fós le bheith ina mbeatha.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
de réir an scrioptúir: «Tá tú ceaptha agam i d' athair ar mhórán náisiún,» i bhfianaise an Dé ar chreid sé ann, an té a bheonn na mairbh agus a ghlaonn ar bith na nithe nach raibh ann.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
de réir an scrioptúir: “Tá tú ceaptha agam i dʼathair ar mhórán náisiún,” i bhfianaise an Dé ar chreid sé ann, an té a bheonn na mairbh agus a ghlaonn na nithe nach bhfuil ann ar nós na nithe atá ann.