Romans 4:20 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus níor chuir se cunntabhairt a ngealladh Dé lé míchreideamh; achd do neartuigheadh é a gcreideamh, ar dtabhairt ghlóire do Dhía;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus broinn Shára do bhí marbhánta: mar sin féin ní raibh aon amhras air tré mhí‐chreideamh: dtaobh geallamhna Dé, acht do neartuigheadh é san chreideamh, ag tabhairt glóire do Dhia,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ní raibh amhras ná easpa chreidimh air i dtaobh a raibh geallta ag Dia, ach is é rud a neartaíodh lena chreideamh nuair a thug sé an ghlóir do Dhia,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ní raibh ceist ná amhras air mar gheall ar ghealltanas Dé; go deimhin is amhlaidh a neartaíodh ina chreideamh é agus thug sé glóir do Dhia
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ní raibh ceist ná amhras air mar gheall ar ghealltanas Dé; go deimhin is amhlaidh a neartaíodh ina chreideamh é agus thug sé glóir do Dhia