Romans 5:11 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ní hé sin amháin, achd már an gcéudna do nímíd máoidheamh a Ndía tré ar Dtighearna Iósa Críosd, tré a bhfúaramar a nois an tathmhuinnteardhas.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ní h‐é sin amháin é, acht do‐ghnímíd gáirdeachas i nDia tríd ár dTighearna Íosa Críost, tré n‐a bhfuaramar an réidhteach sin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus ní hamháin sin, bíonn Dia ina ábhar áthais againn trínár dTiarna Íosa Críost, an té ar ghlacamar ár gcreideamh tríd.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus ní hé sin amháin é, ach táimid mórálach as Dia trínár dTiarna Íosa Críost, an té a ghnóthaigh an t-athmhuintearas sin anois dúinn.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus ní hé sin amháin é, ach táimid mórálach as Dia trínár dTiarna Íosa Críost, an té a ghnóthaigh an t-athmhuintearas sin anois dúinn.