Romans 5:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin mar tháinic an peacadh air a tsáoghal tré áonduine amhain, agus an bás trés an bpeacadh; is mar sin ráinic an bás na huile dhaóine, ar son gur pheacuigheadar uile:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ar an adhbhar sin, fá mar tháinig an peacadh ar an saoghal tré dhuine amháin, agus an bás tríd an bpeacadh, ionnas go dtáinig an bás chum an uile dhuine, de bhrigh go raibh peacadh déanta ag an uile dhuine:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar sin, mar tháinig an peaca isteach sa saol tríd an t-aon duine amháin agus mar tháinig an bás ar shála an pheaca, agus mar leathnaigh an bás ar fud na hÁdhamh-chlainne uile de bhrí nach raibh duine acu gan pheacú—
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Faoi mar a tháinig an peaca isteach sa saol trí aon duine amháin agus an bás isteach tríd an bpeaca, sa tslí sin leath an bás i measc cách uile de bhrí go ndearna cách uile an peaca.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Faoi mar a tháinig an peaca isteach sa saol trí aon duine amháin agus an bás isteach tríd an bpeaca, sa tslí sin leath an bás i measc cách uile de bhrí go ndearna cách uile an peaca.