Romans 5:14 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Gidheadh do bhí rioghachd ag an mbás ó Adhamh go Maóisi, ar a ndréim fós nar pheacaigh do réir chosamhlachda easumhlachda Adhuimh, noch atá na fhioghair ag an té úd do bhí chum teachda.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht cheana do bhí réimeas ag an mbás ó Ádhamh go Maois, ar na daoinibh féin nach ndearna peacadh mar rinne Ádhamh, atá ’n‐a shamhail do’n té do bhí le teacht.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach bhí an bás i réim ó am Ádhaimh go ham Mhaoise, go fiú os cionn an dreama nach ndearna peaca mar pheaca Ádhaimh, a bhí ina réamhchomhartha den té sin a bhí le teacht.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Mar sin féin bhí an bás i réim ó Ádhamh anuas go Maois fiú amháin dóibh siúd nach raibh ciontach i mbriseadh reachta ar nós Ádhaimh. Agus bhí Ádhamh ina shamhail ar an té úd a bhí le teacht.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Mar sin féin bhí an bás i réim ó Ádhamh anuas go Maois fiú amháin dóibh siúd nach raibh ciontach i mbriseadh reachta ar nós Ádhaimh. Agus bhí Ádhamh ina shamhail ar an té úd a bhí le teacht.