Romans 5:15 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd ní mar an gcoir, atá an tiodhlacadh. Oir má fúaradar mórán bás tré thuitim áonduine amháin, is romhó na sin do acfuinnigh grás Dé, agus an tiodhlacadh tré ghrás a náonduine Iósa Críosd, do mhórán.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht ní mar a chéile do’n tsaor‐bhronntanas agus do’n chionnta. Óir má’s de bhárr cionnta duine amháin fuair mórán bás, is mó ’ná sin go mór do mhéaduigh do mhórán grása Dé agus an bronntanas tré ghrása duine amháin, is é sin Íosa Críost.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach is neamhionann an bronntanas agus an sárú dlí sin. Is iomaí sin duine ar thug an choir sin a bhás, ach is mó go mór é grásta Dé agus is mó grásta an aon fhir amháin sin Íosa Críost agus is saibhre iad don slua mór.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach ní hé an dála céanna ag an tabhartas agus ag an gcoir é. Mar, má fuair mórán bás de bharr choir an aon duine amháin, is fairsinge go mór do mhórán a bhí grásta Dé agus an tabhartas a dáileadh de dheonú an aon duine amháin, Íosa Críost.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)