Romans 5:16 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ní mar an táonduine do pheacuigh, atá an tabhartas: óir tháinic an bhreitheamhnus tré áonchoir amháin chum dámanta, achd tainic an tabhartus ó iomad cionntadh chum sáortha.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ní mar a chéile do’n bhronntanas agus d’á dtáinig tré chionnta duine amháin: óir tháinig an breitheamhnas tré chionnta duine amháin chum daortha, acht tháinig an saor‐bhronntanas thar éis a lán cionnta chum fíréanuighthe.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus is neamhionann an bronntanas agus toradh peaca an aon fhir amháin úd. Mar tugadh breith ar aon choir amháin agus ba dhaorbhreith í, ach lean an bronntanas mórán coireanna agus thug sé fíréantacht leis.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus ní hé an dála céanna ag an tabhartas agus ag an toradh a bhí ar pheaca an duine aonair é: tháinig breithiúnas an daortha as coir aonair, ach is as coireanna iomadúla a tháinig tabhartas an tsaortha.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)