Romans 5:18 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin, amhail as tré áonchoir amháin tháinic bréitheamhnus air ná huile dhaóinibh chum damanta; is mar sin tháinic an tabhartus tré áontsáoradh amháin air gach uile dhuine chum sáortha na beatha.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Uime sin, díreach mar gur tré chionnta duine amháin tháinig an daoradh ar an uile dhuine; ar an gcuma chéadna is tré ghníomh duine amháin tháinig an fíréanú do‐bheir beatha do’n uile dhuine tré ghníomh fíréantachta amháin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus ansin, mar tugadh daorbhreith ar an Ádhamhchlann uile mar gheall ar aon choir amháin an aon fhir amháin, tugtar saorbhreith agus beatha don Ádhamchlann uile mar gheall ar ghníomh fíréanta an aon fhir amháin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dá réir sin, faoi mar tugadh daorbhreith ar chách uile de dheasca choir an aon duine amháin, ar an gcuma chéanna tugadh saorbhreith na beatha ar chách uile de bharr dhea-ghníomh an aon duine amháin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dá réir sin, faoi mar a tugadh daorbhreith ar chách uile de dheasca choir an aon duine amháin, ar an gcuma chéanna tugadh saorbhreith na beatha ar chách uile de bharr dhea-ghníomh an aon duine amháin.