Romans 5:2 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Tré na bhfúaramar mar an gcéadna slighe trés an gcreideamh chum na ngrása ann a seasmáoid, agus a ndéanmáoid gáirdeachás fá mhuiníghin ghlóire Dé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
tré n‐a bhfuaramar, leis, slighe tré chreideamh chum an ghrása so ’n‐a bhfuil ár seasamh, agus atá gáirdeachas orainn ag súil le glóir Dé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is trídsean a fuaireamar caoi le bheith ar staid seo na ngrást, agus bainimid lúcháir as ár ndóchas chun bheith rannpháirteach i nglóir Dé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
mar is trídsean atá teacht againn le creideamh ar an ngrásta seo ina mairimid. Agus ábhar mórála dúinn is ea an dóchas go bhfuil glóir Dé i ndán dúinn.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
mar is trídsean atá teacht againn le creideamh ar an ngrásta seo ina mairimid. Agus ábhar mórála dúinn is ea an dóchas go bhfuil glóir Dé i ndán dúinn.