Romans 5:20 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd tháinic an dligheadh, ionnus go méidéochthaói an choir. Achd sa bhall ar mhéuduigh an peacadh is ann rug an grás bárr:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
mar sin is eadh déanfar fíréanaigh d’á lán tré umhlacht duine amháin. Agus tháinig an dlighe isteach ’na dhiaidh sin chum go méadóchaidhe an cionntha. Acht san áit ’n‐ar mhéaduigh an peacadh, ba mó ’ná sin go mór do mhéaduigh an grása:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tháinig an dlí leis an choir a mhéadú; ach dá mhéid é an peaca, ba mhó go mór an grásta ná é,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus tháinig an dlí isteach chun méadú ar an gcoir ach an áit ar mhéadaigh ar an bpeaca is mó fós a mhéadaigh ar an ngrásta,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus tháinig an dlí isteach chun méadú ar an gcoir ach an áit ar mhéadaigh ar an bpeaca is mó fós a mhéadaigh ar an ngrásta,