Romans 5:21 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ionnus dó réir mar do thighearnuigh an peacadh chum báis, go dtighearnóchadh grás mar an gcéudna tré fhiréantachd chum na beatha marthanuighe tré Iosa Críosd ar Dtighearna.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
ar chuma, fá mar bhí réimeas an pheacaidh chum báis ann, gur ar an gcuma chéadna do bhéadh réimeas an ghrása tré fhíréantacht ann chum na beathadh síorraidhe tré Íosa Críost ár dTighearna.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ionas go mbeadh an réim a bhí roimhe sin ag an bpeaca de bharr an bháis, ionas a deirim go mbeadh an réim sin ag an ngrásta tríd an bhfíréantacht go dtí go mbeadh an bheatha shíoraí againn trí Íosa Críost ár dTiarna.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
ionas, mar a tháinig an peaca i réim tríd an mbás, go dtiocfadh an grásta i réim tríd an bhfíréantacht chun na beatha síoraí trí Íosa Críost ár dTiarna.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
ionas, mar a tháinig an peaca i réim tríd an mbás, go dtiocfadh an grásta i réim tríd an bhfíréantacht chun na beatha síoraí trí Íosa Críost ár dTiarna.