Romans 6:16 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
An é nach bhfuil a fhios aguibh, gidh bé dhá dtabharthaói sibh féin mar sheirbhíseachuibh chum úmhlachda, gur seirbhísigh sibh don tí sá númhlaighthí; mas do pheacadh chum báis, no dúmhlachd chum firéantachda?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Nach bhfuil a fhios agaibh, cibé duine d’á dtiubhraidh sibh sibh féin mar sheirbhísigh na h‐umhlachta, gur seirbhísigh sibh do’n té d’á n‐umhluigheann sibh; is cuma cia aca seirbhísigh an pheacaidh chum báis, nó seirbhísigh na h‐umhlachta chum fíréantachta?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nach feasach daoibh má tá sibh i ndiaidh géilleadh dʼaon duine mar dhaoir ag umhlú dó, go bhfuil sibh i ndaoirse ag an té sin a mbíonn sibh ag umhlú dó, más é an peaca é, a thugas chun báis, nó más í an umhlaíocht í, a thugas chun na fíréantachta?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nach bhfuil a fhios agaibh, má thugann sibh sibh féin suas do dhuine chun umhlú dó mar sheirbhísigh, gur seirbhísigh sibh don mháistir sin a n-umhlaíonn sibh dó, cibé acu don pheaca chun báis, nó don umhlaíocht chun fíréantachta.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)