Romans 6:19 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Is mar dhuine labhrum ar son anbhfainne bhur bhféolasa: oír do réir mar thugabhair bhur mbaill na seirbhíseachuibh do neamhghloine agus do bhriseadh na naitheantadh chum éagcóra; tabhruigh a nois mar an gcéudná bhur mbaill na seirbhíseachuibh don fhíréantachd chum náomhthachda.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is ar nós daoine atáim ag labhairt mar gheall ar laige bhur bhfeola; óir fá mar thugabhar bhur mbaill beathadh mar sheirbhísigh do thruailleacht agus do chuirptheacht chum cuirptheacht do chur i ngníomh, tabhraidh bhur mbaill anois mar sheirbhísigh d’fhíréantacht chum go naomhthar sibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is ó thaobh an duine de a labhraim, de bhrí na laige atá san fhuil agus san fheoil. Mar fé mar a ghéilleadh sibh bhur mbaill don neamhghlaine agus do thuilleadh mór den urcbóid, tá oraibh anois bhur mbaill a ghéilleadh don fhíréantacht le go naomhófaí iad.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
De dheasca bhur laige nádúrtha is i dtéarmaí daonna atáim ag labhairt anois faoi mar a thug sibh suas bhur mbaill bheatha tráth mar sclábhaithe don salachar agus don urchóid chun na hurchóide, tugaigí suas bhur mbaill anois mar sclábhaithe don fhíréantacht chun na naofachta.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
De dheasca bhur laige nádúrtha–is i dtéarmaí daonna atáim ag labhairt anois–faoi mar a thug sibh suas bhur mbaill bheatha tráth mar sclábhaithe don salachar agus don urchóid chun na hurchóide, tugaigí suas bhur mbaill anois mar sclábhaithe don fhíréantacht chun na naofachta.