Romans 7:13 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin an bhfuil a ní maith ar na dhéunamh na bhás dhámhsa? nar léigidh Día sin. Achd an peacadh, ionnus go mhíadh sé follus na pheacadh, doibrigh sé bás ionnum trés a ní maith; do chum go mbíadh an peacadh na pheacadh áidhbhéileach trés a náithne.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
An nidh atá maith ann féin, an amhlaidh do bhí sé ’n‐a adhbhar báis damh‐sa? Nár leigidh Dia é! Acht do bhí an peacadh, chum go bhfeicfidhe go soiléir gur peacadh é, ag tabhairt báis dom thríd an nidh maith; chum go mbéadh an peacadh an‐pheacamhail go deo.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
An é an ní a bhí maith a thug mo bhás? Ní hamhlaidh! Ba é an peaca é, ag oibriú an bháis ionam tríd an ní a bhí maith ann féin, ionas go dtaispeánfaí gur peaca é an peaca, agus go n-éireodh sé peacúil as cuimse tríd an aithne.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An raibh rud maith ina chúis bháis dom, mar sin? Ní raibh ar chor ar bith, ach an peaca, i dtreo go mba léir gur peaca é dáiríre, bhain sé feidhm as rud maith chun bás a imirt orm; agus sa tslí sin trí bhíthin na haithne, go n-éireodh an peaca peacúil thar na bearta.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An raibh rud maith ina chúis bháis dom, mar sin? Ní raibh ar chor ar bith, ach an peaca, i dtreo go mba léir gur pheaca é dáiríre, bhain sé feidhm as rud maith chun bás a imirt orm; agus sa tslí sin trí bhíthin na haithne, go n-éireodh an peaca peacúil thar na bearta.