Romans 7:18 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír atá a fhios agam, nach bhfuil maith ar bith na comhnuidhe íonnum, eadhon am fheóil: óir ata an toil a bhfogus damh; achd ní fhaghuim slighe ar bith chum na maitheasa do chríochnughadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir atá a fhios agam nach longuigheann deagh‐nidh ar bith ionnam‐sa, is é sin im’ cholainn: óir is toil liom de ghnáth an deagh‐nidh do dhéanamh, acht ní fhuil ar chumas dom an deagh‐nidh do chur i ngníomh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar is feasach dom nach gcónaíonn aon ní fónta ionam, is é sin le rá i mo cholainn. Is féidir liom an ní is cóir a thoiliú, ach ní féidir liom a dhéanamh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá a fhios agam nach aon ní ar fónamh atá lonnaithe ionam, is é sin le rá sa chuid chollaí díom, mar bíonn fonn an dea-ghnímh orm ach ní bhfaighim ionam é a chur i gcrích.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá a fhios agam nach aon ní ar fónamh atá lonnaithe ionam, is é sin le rá sa chuid chollaí díom, mar bíonn fonn an dea-ghnímh orm ach ní fhaighim ionam é a chur i gcríoch.