Romans 7:2 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oir an bhean atá pósda ré fear atá sí ceangailte dhé feadh a sháoghail do réir an reachda; gidheadh dá bhfághadh a fear bás, atá sise sáor ó reachd a nfir.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir an bhean go bhfuil fear aici atá sí ceangailte d’á fear do réir dlighe chómh fada agus atá seisean beo, acht má éagann a fear, atá sí scaoilte ó’n dlighe do cheangail le n‐a fear í.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar shampla ceanglaíonn an dlí an bhean phósta dá fear chomh fada agus a mhaireann sé, ach má fhaigheann an fear bás scaoiltear í ón dlí chomh fada agus a bhaineas sé leis an bhfear.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An bhean phósta, cuir i gcás, bíonn sí ceangailte ag an dlí dá fear céile fad a mhaireann sé; ach má chailltear a fear bíonn sí saor ó dhlí a fir.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An bhean phósta, cuir i gcás, bíonn sí ceangailte ag an dlí dá fear céile fad a mhaireann sé; ach má chailltear a fear bíonn sí saor ó dhlí a fir.