Romans 7:23 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd do chím reachd eile ann mo bhallaibh, ag cathughadh a naghaidh reachda minntinne, agus dom thabhairt a mbruid do reachd an pheacaidh noch atá am bhallaibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
acht chím dlighe eile im’ bhallaibh, ag cur i gcoinnibh dlighe m’intinne, agus gam’ thabhairt i mbraighdeanas fá dhlighe an pheacaidh atá im’ bhallaibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach feicim dlí eile ar fud mo bhall atá i gcogadh le dlí mʼintinne a bhíos ag déanamh braighdeanaigh díom do dhlí an pheaca atá ina chónaí i mo bhaill.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
ach tugaim dlí eile faoi deara i mo bhaill bheatha agus é i ngleic leis an dlí atá i m' aigne agus ag déanamh cime díom ag dlí an pheaca atá lonnaithe i mo bhaill.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
ach tugaim dlí eile faoi deara i mo bhaill bheatha agus é i ngleic leis an dlí atá i mʼaigne agus ag déanamh cime díom ag dlí an pheaca atá lonnaithe i mo bhaill.