Romans 7:3 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin ré sáoghal a fir dá raibh sí ag fear éile, goirfighthear meirdreach dhí: gidheadh dá bhfaghaidh a fear bás, atá sí sáor ón reachd; ionnus nach meirdreach í, ar son í bheith ag fear eile.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Uime sin, má tá sí pósta le fear eile, a fhad agus atá a fear beo, glaodhfar ban‐adhaltrannach uirthi; acht má tá a fear marbh, atá sí scaoilte ó’n dlighe sin: ar mhodh nach ban‐adhaltrannach í, má tá féin go bhfuil sí pósta le fear eile.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dá réir sin tabharfar adhaltranach uirthi má théann sí in aontíos le fear eile chomh fada agus a bhíonn a fear céile beo. Ach má fhaigheann a fear bás is saor í ón dlí úd, agus má phósann sí fear eile ní adhaltranach í.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Má ghabhann sí le fear eile, mar sin, fad is beo dá fear céile glaofar adhaltrach uirthi; ach má chailltear a fear bíonn sí saor ón dlí, sa tslí nach adhaltrach í má ghabhann sí leis an bhfear eile.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Má ghabhann sí le fear eile, mar sin, fad is beo dá fear céile glaofar adhaltrach uirthi; ach má chailltear a fear bíonn sí saor ón dlí, sa tslí nach adhaltrach í má ghabhann sí leis an bhfear eile.