Romans 7:4 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin, a bhraithreacha, atá sibhse leis marbh don reachd tré chorp Chríosd; ionnus go mbíadh sibh ag fear eile, eadhon, dhosan noch do tógbhadh súas ó mharbhaibh, chum sinne toraidh thabhairt do Dhía.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ar an gcuma sin, a bhráithre, atá sibh‐se marbh do’n dlighe tré chorp Chríost; chum go mbéadh sibh ceangailte do dhuine eile, is é sin do’n té do tógadh ó na marbhaibh, chum go dtiubhraimís toradh do Dhia.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar an gcéanna, a bhráithre liom, is marbh sibh don dlí trí chorp Chríost, ionas go mbeidh sibh ag fear eile, a tógadh ó na mairbh le go dtabharfaimid toradh i nDia.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is é an dála céanna agaibhse é, a bhráithre; fuair sibh bás mar leis an dlí trí chorp Chríost, chun go ngabhfadh sibh le fear céile eile, leis an té úd a tógadh ó mhairbh, agus gur do Dhia a thabharfaimis toradh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is é an dála céanna agaibh-se é, a bhráithre; fuair sibh bás mar leis an dlí trí chorp Chríost, chun go ngabhfadh sibh le fear céile eile, leis an té úd a tógadh ó mhairbh, agus gur do Dhia a thabharfaimis toradh.