Romans 7:5 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír tan do bhámair sa bhfeóil, do bhiodh míangus na bpeacadh, trés an reachd, ag oibriughadh ann ar mballaibh chum toraidh do thabhairt chum báis.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir nuair bhíomar fá réimeas na colna, na h‐ainmhianta peacamhla do bhí d’ár mbrostú ag an dlighe, do bhídís ag oibriú ’n‐ár mballaibh chum go dtiubhraidís toradh do’n bhás.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Chomh fada agus a chaithimis ár mbeatha go collaí, bhíodh ár n-ainmhianta coirpeacha á ndúiseacht ag an dlí agus iad ag oibriú inár mbaill bheatha ag tabhairt toraidh chun an bháis.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Mar fad a mhaireamar sa cholainn, bhíodh na hainmhianta peacúla úd a bhíonn á gcothú ag an dlí go gníomhach inár mbaill bheatha ag tabhairt toraidh don bhás.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Mar fad a mhaireamar sa cholainn, bhíodh na hainmhianta peacúla úd a bhíonn dá gcothú ag an dlí go gníomhach inár mbaill bheatha ag tabhairt toraidh don bhás.