Romans 8:15 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír níor ghabhabhair chugaibh Spiorad na seirbhíse a rís chum eagla; achd do ghabhabhair chugaibh Spiorad atharghadh na cloinne, tré ngoirmíd, Abba, a Athair.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir ní fhuair sibh spiorad na daoirse chum bheith fá eagla arís: acht fuair sibh spiorad uchtcachta, tríd a nglaodhaimíd, Abbá, a Athair.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar níl glactha agaibh le sprid na daoirse le titim ar gcúl chun na heagla, ach tá glactha agaibh le sprid mhaicne. Nuair a ghlaoimid, “Abba! a Athair!”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Óir, an spiorad a fuair sibh ní spiorad na daoirse é chun eagla a chur oraibh athuair ach spiorad na clainne trína nglaoimid «Abba! Athair.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Óir, an spiorad a fuair sibh ní hé spiorad na daoirse é chun eagla a chur oraibh athuair ach spiorad na clainne trína nglaoimid ‘Abba! Athair.’