Romans 8:26 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus is mar an gcéadna fhóireas an Spiorad ar néagcrúasne: oír ní bhfuil a fhios aguinn créd do íarrfadhmaóis a nurnuighe mar budh cóir: achd do ní an Spiorad féin urnuighe air ar son lé hosnaidhibh dó-innse.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ar an gcuma chéadna bíonn an Spiorad ag cuidiú linn ’n‐ár n‐anbhfainne: mar ní bhíonn a fhios againn créad ba cheart dúinn d’iarraidh, agus sinn ag guidhe: acht do ghní an Spiorad féin eadarghuidhe ar ár son le h‐osnaighil do‐inniste.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar an gcéanna cuidíonn an Spiorad linn inár laige; mar ní thuigimid conas urnaí a dhéanamh mar ba choir, ach bíonn an Spiorad é féin le hosnaí a sháraíos aon insint ag idirghuí ar ár son.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ar an gcuma chéanna tagann an Spiorad i gcabhair orainn inár laige. Mar ní eol dúinn conas an ghuí féin a dhéanamh mar is cóir ach déanann an Spiorad idirghuí ar ár son le hosnaí nach féidir a chur i bhfocail,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ar an gcuma chéanna tagann an Spiorad i gcabhair orainn inár laige. Mar ní heol dúinn conas an ghuí féin a dhéanamh mar is cóir ach déanann an Spiorad idir-ghuí ar ár son le hosnaí nach féidir a chur i bhfocail,