Romans 8:27 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd atá a fhíos ag sgrúdaigheóir na gcroidheadh cred é toil na Spioruide, óir is do réir thola Dé ghuidheas sé ar son na náomh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus an té scrúduigheas croidheacha, is eol dó aigne an Spioraid, mar ghní sé eadarghuidhe ar son na naomh do réir tola Dé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus an té sin a scrúdaíos croíthe na ndaoine is feasach dósan intinn an Spioraid, mar bíonn an Spiorad ag idirghuí ar son na naomh de réir thoil Dé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus an té úd a chiorann na croíthe, tuigeann sé cad is áil leis an Spiorad agus gur de réir toil Dé a dhéanann sé achainí ar son na naomh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus an té úd a chíorann na croíthe, tuigeann sé cad is áil leis an Spiorad agus gur de réir thoil Dé a dhéanann sé achainí ar son na naomh.