Romans 8:34 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Cía dhaimeónas? Críosd fúair bás, agus fós, do rinne a neiséirighe, noch atá ar deis Dé, agus fós ghuidheas air ar soinne.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Fuair Críost bás, nó, dob fhearr a rádh, d’aiséirigh sé, agus atá sé ar dheasláimh Dé, agus do‐ghní sé eadarghuidhe ar ár son.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
cé a dhaorfas? An é Íosa Críost a dʼéag, is é, agus a tógadh ó na mairbh, agus atá ar láimh dheas Dé, a bhíos ag idirghuí ar ár son?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair atá Dia dár saoradh, cé a dhéanfaidh ár ndaoradh? An é Críost a dhéanfaidh é, an té a fuair bás agus a tógadh ó mhairbh, atá fós ar dheis Dé agus atá ag idirghuí ar ár son?
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair atá Dia dár saoradh, cé a dhéanfaidh ár ndaoradh? An é Críost a dhéanfaidh é, an té a fuair bás agus a tógadh ó mhairbh, atá fós ar dheis Dé agus atá ag idir-ghuí ar ár son?