Romans 8:5 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír an dream atá do réir na féola smuáintighid síad neithe bheanas ris an bhfeóil; achd an dream atá do réir na Spioruide na neithe bheanas ris an Spioruid.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir na daoine mhaireas do réir na colna bíonn meon colnaidhe aca: acht na daoine mhaireas do réir an spioraid bionn meon spioradálta aca.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar an dream a chaitheas a mbeatha de réir na colainne, ní bhíonn ar a n-intinn ach nithe collaí, ach an dream a chaitheas a mbeatha de réir an Spioraid is ar nithe spioradálta a bhíos a n-intinn siúd.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Iad sin a mhaireann faoi réir na colainne is ar nithe collaí a bhíonn a n-aird, ach iad sin a mhaireann faoi réir an Spioraid is ar nithe spioradálta a bhíonn a n-airdsean.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Iad sin a mhaireann faoi réir na colainne is ar nithe collaí a bhíonn a n-aird, ach iad sin a mhaireann faoi réir an Spioraid is ar nithe spioradálta a bhíonn a n-airdsean.