Romans 9:15 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír a deir sé ré Máoise, Do dhéana mé trócaire ar an té ar a ndéuna mé trócaire, agus do dhéuna mé truaidhe don té dhá ndéunuidh mé truáídhe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Nár leigidh Dia é. Óir is é adubhairt sé le Maois, Cibé duine ar a ndéanfad trócaire, déanfad trócaire air, agus cibé duine d’á ndéanfad truagh, déanfad truagh dhó.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar deir sé le Maois, “Beidh trócaire agam ar an té a mbeidh trócaire agam air, agus déanfaidh mé trua don té sin a ndéanfaidh mé trua dó.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ní hea ar chor ar bith, mar féach cad a dúirt sé le Maois: «Déanfaidh mé trócaire ar mo rogha duine agus déanfaidh mé trua don duine is rogha liom chomh maith.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ní hea ar chor ar bith, mar féach cad a dúirt sé le Maois: “Déanfaidh mé trócaire ar mo rogha duine agus déanfaidh mé trua don duine is rogha liom chomh maith.”