Romans 9:20 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd ó a dhuine, cía thusa thagrus a naghuidh Dé? A naibeóra an ní do cumadh ris an té do chum é, Créd fá a ndearnuidh tú mé mar so?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ar an taobh eile dhe, cia thusa, a dhuine, atá ag bréagnú Dé? An nidh atá cumtha, an n‐abróchaidh sé leis an té do chum é, Cad chuige a ndearnais san tslighe seo mé?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach tusa, ar duine tú, ag tabhairt aisfhreagra ar Dhia? An ndéarfaidh an chumadóireacht leis an gcuma-dóir, “Cad chuige a ndeama tú mar sin mé?”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Airiú, cé hé tusa, a dhuine, le bheith tagarthach le Dia? An ndéarfaidh an pota leis an bpotadóir: «Cad ab áil leat mé a dhéanamh mar seo?»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Arú, cé hé thusa, a dhuine, le bheith tagrach le Dia? An ndéarfaidh an pota leis an bpotadóir: “Cad ab áil leat mé a dhéanamh mar seo?”